lirik lagu sive – ladrainnín
níl ionat ach ladrann, i riocht foichí
an mbeadh fonn ort mé ionsaí le cealg?
ní dóigh liom go n~éireodh leat
mar níl ionat ach ladrannín
níl ionat ach ladrannín
ag rith ar thanaí atá tú
lá amháin tiocfaidh beach nó seabhac nó préachán
a aithneoidh gur bréag atá ann
roimh tú chogaint agus caitheamh amach
is do mhionsciatháin
níl ionat ach ladrann, i riocht foichí
an mbeadh fonn ort mé ionsaí le cealg?
ní dóigh liom go n~éireodh leat
mar níl ionat ach ladrannín
níl ionat ach ladrannín
chruthaigh tú pictiúr le taispeáint don saol
is scéin ort go dtréigfeadh dath na híomhá
ach fiú tríd an gcóta tiubh, daite go geal
faoin dubh agus ór, is léir dom nach bhfuil…
níl ionat ach ladrann, i riocht foichí
an mbeadh fonn ort mé ionsaí le cealg?
ní dóigh liom go n~éireodh leat
mar níl ionat ach ladrannín
níl ionat ach ladrannín
cén fáth go dteastaíonn uait mé a scanradh?
níl mé ach i mbun mo ghnó
seans ann gur instinn ainmhíoch?
ach níl creach agat, gan nead le caomhnú
níl ann ach do mhuineál féin
ar mire, ag scinneadh thart
ach cá bhfuil tú ag dul?
an bhfuil fhios an domhain ad?
níl ionat ach ladrann, i riocht foichí
an mbeadh fonn ort mé ionsaí le cealg?
ní dóigh liom go n~éireodh leat
mar níl ionat ach ladrannín
níl ionat ach ladrannín
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu yung princey – lead you on 2.0
- lirik lagu jo-kim – smh
- lirik lagu oasis – morning glory (live at roskilde)
- lirik lagu syncro – quiero verte
- lirik lagu yuichan – 季節はまわる (the seasons turn)
- lirik lagu beth crowley – coming for your throne
- lirik lagu ицык цыпер (itsyk tsyper) – бора бо (bora bo)
- lirik lagu fabiana palladino – shoulda
- lirik lagu jax jones & mnek – where did you go? (donk edit)
- lirik lagu john e luan – crente da shopee