lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu líadan – ócum an phríosúin

Loading...

oh
molaim sú an ghráin eorna go deo deo is choíche
‘sé an trua nach raibh tóir ag rí seoirse ar a dhéanam
seán ford a bheith ina ghiúistís
‘sé a chomhairleodh na daoine
mar is é a chuir mise ag foghlaim le hócam a spíonadh

is ramsa dideldoram ’sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh

oh
osclaíodh domsa an stór a raibh ócam thar maoil ann
is thug mé lán mo ghabhail liom mo dhóthain go ceann míosa
is nach mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall
nuair a d’fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnadh?

is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh

tá an éireannach uí’dhomhnaill ina chodladh agus imníoch
nár ionsaigh na luchain a chuid ócaim san oíche
ar an maidin lá arna mhárach bhí móide ann á inseacht
“by daid” a deir an gobharnóir “tá an diabhal ar fad déanta!”

is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
‘s nach mise a bhíonn go tuirseach ag tochas is ag scríobadh
ag obair don eochróir a bhfuil eochair aige is míle
agus d’osclódh sé doirse agus glasannaí na héireann
is chuirfeadh sé na tincéirí na stiléirí i ngéibheann

is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh

is nach mise a bhíonn go brónach gach domhnach is lá saoire
ag siúl anseo sa ngairdín i bhfáinne is mé ag dul timpeall
agus sileann mo chuid deora i gcónaí nuair a smaoiním
gur olc an obair dhomsa é a bheith i gcónaí ar an gcaoi seo

is ramsa dideldoram ‘sé ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh
is ramsa dideldoram ócam an phríosúin
is go bhfágfaidh sú an ghráin eorna na hóglaigh á spíonadh


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...