lirik lagu imlé – críochfort
meas tú céard a dhéanfar le na hacmhainní atá againn?
an ligfidh muid orainn nach mbeidh deireadh leo go deo?
nó díriú ar an ídiú le tuilleadh luasghéaraithe,
ag smaoiniú ar an ngearradh siar? sin srian a shamhlú.
meas tú an bhfuil sé fíor nach féidir ariamh
éalú ón deireadh, ceann scríbe an duine?
déan mar is mian leat ach ná déan dearmad,
níl ionat ach scamall anseo ar an bpláinéad.
tinn tuirseach den teidlíocht a léirítear.
scaití ní bhíonn mé féin mórán níos fearr.
fear leithliseach, gan chiall, leibide santach.
rud a chuirfeadh drochbhail ar mhisneach.
cén fáth nach bhfeiceann tú
na rudaí céanna a fheiceann mé nuair a bhreathnaíonn
tú amach ar an gcuan álainn sin amach romhainn?
na rudaí céanna a fheiceann mé.
tá a fhios agaibh nuair a bhíonn sibh cráite,
caite ag an gcur i gcéill nach stopann ag grágaíl
gan loighic ná ciall ar nós inneall tionsclaíoch.
gan smacht intinne, ní aimseoidh tú do chríochfort.
bhfuil a leithéid de rud ann is faoiseamh.
b’fhéidir nach bhfuil le déanamh ach a bheith ag caoineadh
nó gluaiseacht chun cinn ag fuaimniú go binn,
ag neartú an phaisin is ag cur leis an domhan.
cén fáth nach bhfeiceann tú
na rudaí céanna a fheiceann mé nuair a bhreathnaíonn
tú amach ar an gcuan álainn sin amach romhainn?
na rudaí céanna a fheiceann mé.
ag canadh
níl tú leat féin, a mhac. feargach, pianta, lán de bhrón.
caith uait an diúltachas, scaip an dearfacht timpeall an domhain.
níl tú leat féin, a mhac. níl tú leat féin, a mhac.
caith uait an diúltachas. scaip an dearfacht timpeall an domhain.
b’fhéidir go b’shin díreach an rud atá uainne.
b’fhéidir go bhfuil aon dóchas ann dhúinne.
b’fhéidir gur b’shin díreach an aisling mheabhail.
tá sé deacair agam a rá mar níl ionam ach scamall.
b’fhéidir go
bhfuil a leithéid de rud ann is faoiseamh.
b’fhéidir nach bhfuil le déanamh ach a bheith ag caoineadh
nó gluaiseacht chun cinn ag fuaimniú go binn,
ag neartú an phaisin is ag cur leis an domhan.
cén fáth nach bhfeiceann tú
na rudaí céanna a fheiceann mé?
tá a fhios agaibh nuair a bhíonn sibh cráite,
caite ag an gcur i gcéill nach stopann ag grágaíl
gan loighic ná ciall ar nós inneall tionsclaíoch.
gan smacht intinne, ní aimseoidh tú do chríochfort.
b’fhéidir gur b’shin díreach an rud atá uainne.
b’fhéidir go bhfuil do gan aon dóchas ann dhúinne.
b’fhéidir gur b’shin díreach an aisling mheabhail.
tá sé deacair agam a rá mar níl ionam ach scamall.
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu mary j. blige feat. prince charlez – smile
- lirik lagu house of lords – permission to die
- lirik lagu เสก โลโซ – เคยบอกว่ารักกัน
- lirik lagu house of lords – epic
- lirik lagu airling feat. tom iansek – not a fighter
- lirik lagu sara montiel – la madelón, b.s.o: el último cuplé
- lirik lagu banna harbera – aside
- lirik lagu 余春嬌 feat. 張志明 – 當我想起你 (feat. 張志明)
- lirik lagu ratna antika – hoax
- lirik lagu תומר יוסף feat. בן הנדלר – עברתי רק כדי לראות