lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu colm seoighe & na heasógaí – leath bhróigín

Loading...

cén choisín leis a mbaineann tú
a leath bhróigín an tsáile?
cén pháistín beag atá ag caoineadh
ó sheol tú uaidh anonn?
aithris domsa scéalta , faoi do thuras thar na farraigí
beidh bís orm éisteacht , ní bheidh eadrainn sa
aon rúin

snáimh , snáimh a bhróigín fáin
faoi réalta dhé le maidhmeanna
agus gealach lán
snáimh , snáimh a bhróigín fáin
ó chuan go cuan , isteach go buan
chuig talamh slán

an mbíonn an ghrian go hard sna spéartha
sna tíortha ar as a dtáinig tú?
an mbíonn feamainn buí sna cladaí?
an mbíonn páistí ar an trá?
an mbíonn na daoine i gcónaí sásta?
lán mheidhir agus iad meallta
ag ceol sí na mara móire , atá ag tuille agus ag trá
snáimh , snáimh a bhróigín fáin
faoi réalta dhé le maidhmeanna
agus gealach lán
snáimh , snáimh a bhróigín fáin
ó chuan go cuan , isteach go buan
chuig talamh slán

an bhfaca tú múr iontaisí agus tú ag treabhadh na dtonnta anonn
i do mhíoltóigín ag snámh trasna na teiscinne?
atlantis , an t~oileán sí , taibhsí meabhrach sean loingseoirí
nár mhian leo ar iamh ach puth gaoithe
sna seolta scaoilte le scóid

snáimh , snáimh a bhróigín fáin
faoi réalta dhé le maidhmeanna
agus gealach lán
snáimh , snáimh a bhróigín fáin
ó chuan go cuan , isteach go buan
chuig talamh slán

ó chuan go cuan , isteach go buan
chuig talamh slán


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...