lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu celia ní fhátharta – neainsín bhán

Loading...

a neainsín bhán, cé is ansa leat fear eile nó mé fhéin
is a neainsín a dtug mé fancy dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
mar shíl mé go mba bhreáichte thú ná bean ar bith sa saol
ach smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé

is má théann tú chun an aonaigh tabhair an chaora leat is an t-uan
is má théann tú ag déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
óra bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú
is ní barr maoine a thabharfas ‘un tíobhais thú, is ná mealltar le sraoill thú

dá mbeadh heels agus tops ar mo bhróga agus cóir mhaith a bheith ar na boinn
nach rachainn chuile dhomhnach go dtí an áit a mbíodh an spraoi
‘s ní thógfadh an t-aos óg orm gach cor dhá gcuirfinn dhíom
‘s dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil, is níorbh fhada liom an oíche

‘s nach olc í an obair ag teacht don nollaig is mé ag síorchur sa gcré
mar bheadh seabhac ann ar bharr sceiche nó barr ghlas na sú craobh
ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainn d’aon duine beo sa saol
a thógfadh orm a bheith ag cogarnaíl le stóirín gheal mo chléibh

ach, a théagairín, ní féidir leat gan duine eicínt a fháil
a nífeadh do chuid éadaigh dhuit nó a d’fhuinfeadh do chuid aráin
ach a phéarla atá breá gléigeal go cíoch go cois go láimh
sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éada ag feara fáil


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...