lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu celia ní fhátharta – amhrán mhaínse

Loading...

dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír
‘s gan aon neach beo i mo ghaobhar ann ach an raithneach ghlas is fraoch
an sneachta á shéideadh anuas orm ‘s an ghaoth á fhuadach dhíom
‘s mé a bheith ag comhrá le mo teaimín bán ‘s níorbh fhada liom an oíche

a mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, tá an geimhreadh seo ag teacht fuar
a mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé leis an teach seo is a bhfuil ann?
nach óg, a stór, is mé ag imeacht uait le linn na huaire bhreá
le linn don chuach bheith ag seinm cheoil is gach duilliúr glas ag fás

agus gearraigí amach mo chónra dom as fíorscoth gheal na gclár
is má tá seán ó heidhin i maínis, bíodh sí déanta óna láimh
bíodh mo chaipín is mo ribín gheal inti ‘s iad go rídheas ar mo cheann
is tá triúr bean óg ó na shléibhte agam, le mé a chaoineadh ós cionn cláir

dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighidh mé bás
‘s nach dtorróidh siad go fiúntach mé trí oíche agus trí lá
bíodh na píopaí breátha cailce acu ‘s na ceagannaí is iad lán
is tabharfaidh páidí mór go maínis mé nó is garbh a bhéas an lá

‘s ag dul siar le hinse ghainimh mé bíodh an bhratach ins an gcrann
ná cuirigí i leitir calaidh mé mar ní ann atá mo dhream
ach tugaigí siar go maínis mé áit a gcaoinfear mé go hard
beidh soilse ar na dumhchannaí is ní bheidh uaigneas orm ann


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...