lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu béal tuinne – fearaibh na bhfeoibh

Loading...

scoiltid an tonn
le maidí na lann
seo scafairí mhuintir chinnéide
lúbaid le luaithe
cé croíte tá c-mha
faoí ndeara dhóibh brú sa tréanmhuir

imithe gan gréim
mar folamh gach oigheann
mná ‘ge baile ag caoineadh
thar thúr bhaile dháth
siar thar bhéal trá
taoide ag tachtadh a gcroithe

ag naoí mile sli tá bealach fochaisí
spalladh agus allas ón ngréin bhuí
ach chuaigh lúbaire groí
suas faill na béidrí
ag solathar greim agus braon dí

ar thochtaí ‘na sui
alpadh min seo an rí
diúgadh na cannaí go fabharúil
scaoíleadh faoí dhó bhruacha na bhfeo
sin aistear a bhí go saothrúil

níorbh fhada don líon
ag luascadh ar an dtuinn
gur teannadh na téada taobh leo
pollóga móra groí
colmóiri bheadh buí
ballaigh, troisc is píardóga!

bhí a humar lán suas
chaithfaí scaoileadh faoin gcuas
ar bórd leis an líon is away leo
an taoide ag cur uaithi
‘s an chóir leo gan suathadh
a gcroíthe ag bualadh le saothar

thar scoth chuasa bhreandáin
go bun leac srutháin
an oiche ag t-team go tréan leo
caitheadh iasc suas
is glanadh le luas
mná agus leanaí ‘bhí scléipúil

idir rósta is beiriú
‘s gan trácht ar an tlú
níor fágadh ocrach éinne
beidh trácht air go deo
lá fearaibh na bhfeo
‘s paróiste ó ocras saortha


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...