lirik lagu altan – amhran pheadair bhreathnaigh
tráth chuaigh mé seal tamailt ar cuairt
gur bhreatnaigh mé uaim an spéir
thart fá na hoileáin ó thuaidh
mar bheadh eilit agus cú ‘na diaidh
‘sé deirfeadh gach duine fán chuan
tráth thuirling mé anuas fán ché
aithnim go maith ar do ghruaim
gur fear thú a bhfuil ruaig do dhiaidh
casadh domh cailín dheas óg
ach má casadh sí a labhair go géar
más fear thú a bhain do mhnaoi óig
cha mholaim rómhór do “thrade”
chonaic mé fear ar tír mór
is é ag imeacht gan bhróg inné
is dóigh liom gur tusa an fear óg
is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh
d’fhreagair mé an ainnir dheas óg
mar ghlac sí go mór mo scéal
‘stad do do mhagadh níos mó
nó ní duine den tseort sin mé
ach suigh thusa -n-ll i mo chomhair
is bí ag an nós liom féin
nó rachaidh mé os coinne mo shróin
amach ar tír mór le léim
thit muid i dtuirse ‘s i mbrón
is d’fhiafraigh an óigbhean díom
cá bhfaighimis gloine le hól
a thógfas an brón dar gcroí
tá teach beag ar leataobh an róid
agus coinníonn sé i gcónaí braon
gabh thusa gus “rappal” ar an bhord
is ní dhíolfaidh do phócaí phingin
bhí biotáilte fairsing go leor
a raibh beagán ‘á ól sa tír’
‘s dá dtarrnóinnse galún uí dhomhnaill
b’fhurast mo scór a dhíol
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu tobias jesso jr. – can we still be friends
- lirik lagu chamillionaire – i won’t let u down (texas takeover remix)
- lirik lagu acid tongue – humpty dumpty
- lirik lagu cartier bleu – whatchu say
- lirik lagu themselves – crossection of wreckage
- lirik lagu enson – w nas nie ma nas
- lirik lagu luci.duci – moonwalk!
- lirik lagu claudio baglioni – bonus track sabato pomeriggio (versión original)
- lirik lagu ptk (cz) – a jedeš
- lirik lagu kollegah – nutte sag mir wie die aktien stehn