lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu traditional - róisín dubh

Loading...

is fada an réim a léig mé léi ó inné ‘dtí inniu
trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;
an éirne is chaith mé ‘léim í, cé gur mór é an sruth;
‘s bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo róisín dubh

mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit
is go bhfuil m’anam istigh i ngean ort ‘s ní inné ná inniu;
d’fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth~
ná feall orm is mé i ngean ort, a róisín dubh

shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt
mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil
a chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
~’s gurab í fíor~scoth na mumhan í, mo róisín dubh

dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo róisín dubh
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo róisín dubh

beidh an éirne ‘na tuiltibh tréana is réabfar cnoic
beidh an fharraige ‘na tonntaibh dearga is doirtfear fuil
beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith
lá éigin sul a n~éagfaidh mo róisín dubh


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...