lirik.web.id
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu the gloaming – the pilgrim’s song

Loading...

do labhair an tír mar theampall,
bhí siúl na habhann boimpéiseach,
do chrom go glúin na gleannta,
bhí fíor na croise ar ghéaga.
le soiscéal gaoithe d’éisteas,
bhí naofacht ar an dtalamh,
anseo do mhair mo chéadshearc,
oh níor ghabhas an treo le fada.
chonac saol mar scéal fiannaíochta
fadó, fadó, ar maidin,
a mhúnlaigh an tslat draíochta
a bhíonn ‘na láimh ag leanbh.
d’aiséirigh ‘na taisléine,
is solas ar a leacain,
is do thionlaic mé go gléineach
ar oilithreacht fám anam.
anseo do mhair mo chéadshearc
oh níor ghabhas an treo le fada.
tá aisling ann, is eol dom í,
ag fiuchadh i mbroinn mo shamhlaíochta,
lasair gheal gan chorp mar ghaoith,
agus corp oiriúnach á impí aici.


Lirik lagu lainnya:

LIRIK YANG LAGI HITS MINGGU INI

Loading...