lirik lagu fós (ire) - táim i mo shuí
tá mé ‘mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
ag cur teineadh síos gan scíth ‘s á fadú go géar
tá bunadh a’ tí ‘na luí ‘s tá mise liom féin
tá na coiligh ag glaoch ‘s tá ‘n saol ina gcodladh ach mé
sheacht mh’anam déag do bhéal do mhalaí ‘s do ghrua
do shúil ghorm ghlé gheal fá’r thréig mé aiteas is suairc
le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl
is a charaid mo chléibh tá na sléibhte ag gabháil idir mé ‘s tú
deireann lucht léinn gur cloíte an galar an grá
char admhaigh mé é nó go raibh sé ‘ndiaidh mo chroí ‘stigh a chrá
aicíd ró~ghéar, faraor nár sheachnaigh mé í
chuir sí arraing ‘s céad go gear fríd cheartlár mo chroí
casadh bean sí domh thíos ag lios bhéal an áth
‘s d’fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glais ar bith grá
‘sé dúirt sí os íseal i mbriathra soineanta sámh
nuair a théann sé fán chroí cha scaoiltear as é go brách

Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu pop filter - fighting spirit
- lirik lagu sweetboyblondey - psp
- lirik lagu dylan dreizen - rose colored glasses
- lirik lagu hellwannarock - opium dude
- lirik lagu 蘇打綠 (sodagreen) - hey! go! (2021 峰洋soulmate版)
- lirik lagu evan pak - fairytale
- lirik lagu latrelle (ita) - esse type beat (sanremo edition)
- lirik lagu mxp - deep cuts
- lirik lagu curren$y - running
- lirik lagu labrds - again