lirik lagu clannad - an toilean ur
rinne mé smaointeamh in m’intinn is lean mé dó go cinnte
go rachainn ó mo mhuintir anonn ‘un oileáin úir
tá mé ‘g iarraidh impí ar an ard-rí ‘tá ‘s mo chionn-sa
mo shábháil ar gach dáinséar go gcríochnaí mé mo shiúl
shiúl mé fiche míle ‘s níor casadh orm críostaí
capall, bó, ná caora dheánfadh inghilt ar an fhéar
ach coillte dlúth’ is gleanntáin agus búirtheach beithidhigh allta
fir is mná gan toint’ orthu a chasfainn fá mo mhéar
tharlaigh ‘steach i dtoigh mé is casadh orm daoiní
d’fhiafraigh siad cárbh as mé nó’n tír ‘nár tógadh mé
labhair mé leof’ i mbéarla gur tógadh mé in éirinn
láimh le loch eirne i gcoillidh lios na bhfraoch
bhí cailleach insa chlúdaigh is í ina suí go súgach
d’éirigh sí go lúfar agus chraith sí liom lámh
sé d’bheatha fear do thíre ar’ bhfaca mé de dhaoiní
nár tógadh mis’ in éirinn i mbaile lios béal atha
nuair a chonnaic mé na daoiní is ansin a rinne mé smaointe
gur méanar dá mbeinn in éirinn ‘s mé sínte faoi chlár
nó sin an áit a bhfuighfinn a’ t-aos óg bheadh laghach aoibhinn
a chaithfeadh liom an oíche ‘gus páirt mhór den lá
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu cky camp kill yourself - the 12 days of christmas
- lirik lagu cky camp kill yourself - the boardwalk body
- lirik lagu cky camp kill yourself - the era of an end
- lirik lagu cky camp kill yourself - tripled manic state
- lirik lagu cky camp kill yourself - ...and she never returned
- lirik lagu cky camp kill yourself - afterworld
- lirik lagu cky camp kill yourself - big boy
- lirik lagu cky camp kill yourself - close yet far
- lirik lagu curreny - what means the world to me
- lirik lagu cky camp kill yourself - flesh into gear