lirik lagu aoife ní fhearraigh - cailín na gruaige báine
is uaigneach mo shaol
go gruama faraoir
‘mo thruaill bhocht gan siamsa ‘tá mé
‘s is brónach a bhím
gan suaimhneas na hoích’
go buartha lag cloíte cráite
‘sí ‘n stuabhean gheal
chaoin a rinne gual de mo chroí
‘s níl suairceas a choíce i ndán domh
ó luadh liom mar mhnaoi
go luath ‘dtús mo shaoil
mo chailín na gruaige báine
‘s í bláth bán na gcraobh í
thug barr ar gach scéimh
le háilleacht le méid ‘s le breáchta
‘sí d’fhág mé faoi léan
‘sí chráigh mé gan bhréig
‘gus tá ‘fhios ag mac dé mo chás-sa
dá bhfhaighinnse mo rogha
ó b’ansa liom é
bheith ar láimh leis a’ speirbhean álainn
‘s ní náire ar bith liom é
‘s í grá geal mo chléibh
mo chailín na gruaige báine
dá dtigeadh sí aris
ar cuairt chun mo thí
nach mise bheadh aoibhiúil sásta
‘s níl áit ar bith dár mhian léi
nach mbainfinnse fúm
ach cead ‘fháil mo shaol a chaitheamh léi
nach trua mise ‘smaointiú
go domhain in mo chroí
nach bhfeicim arís go brách í
taím buartha bocht faoi chian
is ní mhairfead beo bliain
gan cailín na gruaige báine
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu kleenex girl wonder - backwoods pluto
- lirik lagu the oak ridge boys - come on in (you did the best you could do)
- lirik lagu tri yann - marv pontkallek
- lirik lagu muerto - casador
- lirik lagu cor veleno - come gli altri
- lirik lagu the honeycombs - something better beginning
- lirik lagu el gran combo de puerto rico - no hago ma' na'
- lirik lagu 4sgm - мозги (brains)
- lirik lagu rxseboy - every time
- lirik lagu elio e le storie tese - sta arrivando la fine del mondo