lirik lagu ira – a soldiers song (irish)
amhrán na bhfiann
seo dhibh a cháirde duan óglaigh,
cathréimeach briomhar ceolmhar,
ár dtinte cnámh go buacach táid,
‘s an spéir go min réaltogach
is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
‘s go tiúnmhar glé roimh thíocht do’n ló
fé chiúnas chaomh na hoiche ar seol:
seo libh canaídh amhrán na bhfiann.
curfá:
sinne fianna fáil
a tá fé gheall ag éirinn,
buion dár slua
thar toinn do ráinig chugainn,
fé mhóid bheith saor.
sean tír ár sinsir feasta
ní fhagfar fé’n tiorán ná fé’n tráil
anocht a théam sa bhearna bhaoil,
le gean ar ghaeil chun báis nó saoil
le guna screach fé lámhach na bpiléar
seo libh canaídh amhrán na bhfiann.
cois bánta réidhe, ar árdaibh sléibhe,
ba bhuachach ár sinsir romhainn,
ag lámhach go tréan fé’n sár-bhrat séin
tá thuas sa ghaoith go seolta
ba dhúchas riamh d’ár gcine cháidh
gan iompáil siar ó imirt áir,
‘s ag siúl mar iad i gcoinne námhad
seo libh, canaídh amhrán na bhfiann.
curfá
a bhuíon nách fann d’fhuil ghaeil is gall,
sin breacadh lae na saoirse,
ta scéimhle ‘s scanradh i gcroíthe namhad,
roimh ranna laochra ár dtire.
ár dtinte is tréith gan spréach anois,
sin luisne ghlé san spéir anoir,
‘s an bíobha i raon na bpiléar agaibh:
seo libh, canaídh amhrán na bhfiann.
curfá
~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~-~
hail hail!!!!!!
Lirik lagu lainnya:
- lirik lagu skizoo – esta locura
- lirik lagu moon martin – bad news
- lirik lagu britney spears – that’s where i found you
- lirik lagu artful dodger – re-rewind when the crowd say bo-selecta
- lirik lagu britney spears – someday (i will understand) (hi bias remix)
- lirik lagu britney spears – what you see (is what you get)
- lirik lagu jokeren – sulten
- lirik lagu hell is for heroes – to die for
- lirik lagu aselin debison – thank you (for breaking my heart)
- lirik lagu mike v and the rats – never give up